Téann an Gobán Saor comh
fada siar is atá siar ann i
stair litríocht na hÉireann. Dia de chuid na dTuatha Dé
Dannan ab eadh é ar dtús. Goibniú an t-ainm a bhí
air agus bhí sé ina ghabha ag na Tuatha Dé. Castar
orainn é i gCath Maige Tuired agus é ag obair sa cheárta
-- " roboi (bhí) Goibnenn goba isin cerdchai ag dénam calc agus
gai agus sleg."
Ach sna scéalta
béaloideasa, is mar shaor cloiche nó
siúinéir den scoth is mó a fheicimid é. Is
ó Chúige Laigheann na scéalta is túisce atá
againn faoi, ach le himeacht aimsire leath a chlú agus a cháil
ar fuaid na hÉireann agus na hAlban.
De réir dealraimh bhíodh
an tóir air mar ní
raibh a shárú le fáil mar cheárdaí.
Níl aon teora leis an méid oibre a rinne sé lena
ré. Deir na sean daoine gurbh é a thóg caisleán
lastoir d' Chuan Dor im thaobh-se tíre. Tá scéal ag
gabháil leis an dtógáil sin agus leis an rí ar
leis an caisleán.
Chuaigh an Gobán chun margaidh
leis an rí faoi
chaisleán a thógáil ar suim airithe airgid. Ar aon chuma
bhí an obair chóir a bheith déanta agus bhí an
rí lán sásta leis an áit nua. Ach ní raibh
an rí sásta leis an méid airgid a bhí á
lorg ag an nGobán. Dúirt an rí gur chóir an
Gobán Daor a bheith mar ainm air -- bhí sé gasta leis na
focail. Ní bhogfadh an Gobán. Rinneadh an margadh, agus dar
leis an Gobán níor cheart don rí dul siar air.
Nách sleamhain iad leacha an tighe mhóir?
Cheap an Gobán go raibh leis
agus an lá dar gcionn, go moch
ar maidin, bhí sé ag cur a chomhartha féin, cat le
dhá eireaball, ar an gcloich dheireannach. Tháinigh an
rí agus beirt shaighdiúirí amach agus sciobadar an
dréimre agus d'fágadar an Gobán tréigthe ar bharr
an chaisleáin.
"Tá deire lem chuid damhsa anois
murab ionann is riamh," arsa an
Gobán leis féin. D'fhan mar a raibh aige ar fead tamaill fhada
ag machnamh ar a chás. Bhí an ghrian ag dul fé nuair a
chuala sé guth ón mbóthar -- "Cad tá agat á
dhéanamh thuas ansin gan dréimre ná faic?" Amadán
a bhí ann agus é ar a bhealach go Sasana. " Nead atá
déanta agam anso agus táim ag breith ubh ann" arsa an
Gobán go searbh.
Lean an t-amadán ag
féachaint air agus fé dheire d'
innis an Gobán an scéal go léir dó. "Tusa a
thóg an caisleán?," arsa an t-amadán. "Is mé go
deimhin," arsa an Gobán. "Nách bhfuil sé níos
fusa trí chloch a chaitheamh síos ná ceann amháin
a chur suas" arsa an t-amadán agus as go brách leis an bothar
soir. Rug an Gobán ar a chasúr agus chuir sé chuige.
Nuair a chuala an rí an
rí-rá go léir amuigh,
amach leis. Thuig sé cad a bhí ar siúl nuair a chonaic
sé cioth cloch ag teacht anuas. "Stad!" ar sé, "Iocfaidh
mé as do chuid oibre." Chríochnuigh an Gobán a chuid
oibre go slachtmhar, fuair sé an t-airgead agus bhailigh sé leis
as an gceanntar.
Bhí Dia leis an nGobán an
lá úd nuair a chasadh
an t-amadán leis. Ní facthas amadán in Iarthar
Chorcaí ó shoin i leith!!
Le Barra Ó Donnabháin.