|
Níl ainm ar bith i stair
na
hÉireann is mó ná Pádraig Mac Calprainn.
Ina dhiaidh sin is uile, ní
fuirist dúinn an fear féin a shamhlú ná
méid a chuid oibre a dhealú óna
cúntaisí a gheibhtear sa bhéaloideas agus san
naomhsheanchas ar an
misinéir a dhein na miorúiltí, a chuir an ruaig ar
na deamhain agus ar
na nathracha nimhe, agus a thug tír na hÉireann isteach i
ngort na
críostaoíchta.
Ní hionadh sinn ar bheagán eolais faoi: níorbh
Éireannach é (mar sin ní
heol dúinn an chine gur di é), ba sclabhaí
é, ba dhuine é a chaith na
blianta mar mhac léinn agus mar chléireach i dtír
iasachta. Ach is
féidir éirim a chuid oibre a dheimhniú ó
scribhinní bunúsacha, a
ghlacann na saineolaithe leo mar cháipéisí
udarásacha, a tháinig
chugainn ó láimh Phádraig féin - An
Fhaoistin agus An Litir chun
Coroticus.
Ní mar dhíbheathaisnéis a scríobh
sé An Fhaoistin ach gur airíodh sé
mar bheadh dualgas air a theaspáint gurb é Dia faoi ndear
dó, duine gan
léinn agus gan mórán scolaíochta, an obair
éactach atá déanta aige a
thógáil idir lámha agus a thabhairt chun
críche.
Tá fianaise sa scríbhinn sin gur rugadh i mbaile beag
sa Bhreatain é,
gur tógadh é agus é ina gharsún mar
sclabhaí go hÉirinn mar ar chaith sé
blianta ag aoireacht, gur éirigh leis éaló, gur
dhein sagart de agus gur
cuireadh ag craobhscaoileadh an soiscéil in Éirinn é
bliain i ndiaidh
bháis Palladius, misinéir a chuir an Pápa Celestine
sa bhliain 431 "do
na Gaeil a chreid i gCríost", agus gur bhunaigh sé an
eaglais
Caitiliceach in Éirinn.
Na cúntaisí is luaithe atá againn ar shaol
Phádraig tá siad le fáil i
leabhar Ardmacha a scríobh Ferdomhnach timpeall 800. Tá
dhá leagan de
bheatha Phádraig ann a scríobhadh riomh 700 le
Tíreachán agus le Murchú.
Is ortha san atá scéal Phádraig mar atá
sé againn anois bunaithe -- na
turasanna misinéireacha timpeall na tíre, na
heaglaisí a bhunaigh sé, na
mioriúltaí a dhein sé. Ón naoú céad
i leith tá go leor "beatha
Phádraig" againn, breis agus seasca aca as Laidin.
Ó thosach bhí conspóid ann faoi ghnéithe
áirithe dá shaol: áit a
bhreithe, áit a hoileadh é taréis
éaló ó Éirinn, dáta a theacht go
hÉirinn, na hacta a luaitear leis, an iad a chuid acta
féin iad nó an
amhlaidh a meascadh acta mhisinéirí eile leo.
De réir croineolaoíchta traidisiúnta 'siad na
dátaí a bhaineann le
Pádraig: 432 a theacht go hÉirinn, agus 492(3) a bhás in
aois 120
bliana. Sa leabhar udarásach úd Life of Patrick (1905),
d'éiligh an
tOllamh Bury gur sa bhliain 432 a tháinig Pádraig go
hÉirinn, agus gur
éag sé sa bhliain 461. Glacadh go forleathan le
tuairimí Bury - na
scoláirí Eoin Mac Néil, Ludwig Bieler, An tAthair Ó
Riain agus go leor
eile ina measc.
Ba shin mar a bhí an scéal go dtí an bhliain
1942 nuair a chuireadh ina
choinne trí léacht a thug an tOllamh Tomás Ó
Rathaille - "The Two
Patricks." Sé bun-éirim an léachta ná
nách bhfuil sa Phádraig
traidisiúnta ach cumasc de bheirt mhisinéirí -
Palladius a tháinig sa
bhliain 432 agus a bhásaigh i 461, agus Patricius eile,
údar an dá
scríbhinn, a tháinig i ndiaidh Palladius agus a fuair
bás sa bhliain
492.
Seo iad na hargóintí a luaigh Ó Rathaille: tá
trácht sna scríbhinní
is luaithe atá againn ar bheirt mhisnéirí gurbh
ainm dóibh Patricus (Sen
Phatraic ainm duine aca); tá dhá roinn d'fhocail Laidne sa
tSean-Ghaeilge - leagan amháin a tháinig ón
mBreatain agus leagan eile
ón Mhór Roinn; luann na hAnnálacha nách
bhfuair go leor de na misinéirí
a bhí comhaimseartha le Pádraig bás go dtí
caoga nó seasca bliana i
ndiaidh bháis Phádraig.
Ó 1942 i leith siad tuairimí Uí Rathaille is
mó atá á bplé, agus cuid
aca á mbréagnú, ag na scoláirí.
Thaisbeán an naomhsheanchaí Pere
Grosjean nách fíor an t-ionannú a cheapann O
Rathaille a bheith idir
Palladius agus Sen-Phatraic. Ní ghlacann an tOllamh Jackson,
údar
Language and History in Early Britain, ná an tOllamh Christino
Mohrmann,
saineolaí ar an Laidin iar-chlasaicigh le breith Uí
Rathaille faoi na
focail Laidne atá ar iasach sa tSean-Ghaeilge.
Tá an tAthair Ó Riain agus an tAthair F Shaw, Coláiste na
hOllscoile,
Baile Átha Cliath, ar thaobh an mono-Patricus. Dar le duine aca gur
dócha nách mbeadh breith ag an údar "indoctus" (mar
a thugann Pádraig
air féin sa bhFaoistin) teacht i gcomharba ar Phalladius a
bhí mar
cheann ar an eaglais in Éirinn le trioca bliain. Sé an teist is
láidre
aca ná teist an bhealoideasa nách bhfuil ach
Pádraig amháin ann -- teist
atá bunaithe, gan aon éideimhne, leis na céadta
bliain. Is fiú a
thabhairt faoi ndear gur sa bhliain 1961 a comóradh "Bliain
Phádraig" ag
eaglais na hÉireann.
Is é an tOllamh Binchy san alt úd aige i Studia
Hibernica (1962) a dhein
an cíoradh is iomláine agus is suntasaí ar bheatha
Phádraig agus a
bhfuil scríofa ina thaobh. Seo í a bharúil
mheasta.
Leis An Br. C.B.Ó Cuinn (IONA)
|