Daltai.gifThe Daltaí ShopForumsGrammar PhrasesProverbsGamesNews ClassesEventsArticlesSearch
Join our Email ListJoin our Email List

CHUALA MÉ RÁFLA - leis an nGliomach Rua


gliomach.jpg


Oireachtas na Gaeilge 2008

Oireachtas na Gaeilge 2008

      Bhí deireadh seachtaine dár saol ag dream Dhaltaí i gCathair Chorcaí le déanaí.  Thugamar ár n-aghaidh ar Óstán Bhaile an Róistigh ina a raibh an ceiliúradh bliantúil, Oireachtas na Gaeilge, ar siúil.  Bhí Liam Mac Giodaire, Hilary Mhic Suibhne, Úna Mhic Giolla Chuda agus mé féin, Eibhlín Zurell ann i gcomhair seoladh leabhair Bharra Uí Dhonnabháin, Súil Siar.

Súil Siar   
      Is leabhar d’aistí scríobhtá ag Barra é Súil Siar.  Leabhar dátheangach atá ann agus na bunaistí Gaeilge eagraithe agus aistrithe ag Hilary Mhic Suibhne agus Eibhlín Zurell.  D’fhoilsigh Daltaí na Gaeilge an leabhar agus is féidir cóipeanna a ordú anseo – Brú ar Leabhair: http://www.daltai.com/siopa/siopa.html.

 
        Nuair a chuamar isteach san Halla Taispeántais bhí sceitimíní orainn ár cairde – sean is nua - a fheiceáil ann romhainn - Molly agus Sóisear Mac Cionnaigh, Marcus agus Caitlín Conneran, Liam Ó Cuinneagáin, Diarmuid Mac Alsándair Mícheál de Mórdha, Maidhc Dainín Ó Sé, Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh. Aralt Mac Giolla Chainnigh, Daithí Mac Lochlainn, Cormac Mac Fhionnlaoich agus Abigail Mitchell ina measc.   

Mollaí, Eibhlín, Donnchadh, Abigail, Hilary & Sóisear

       Diarmuid, Aralt & Daithí              
         Bhí muintir Bharra ann chomh maith – a bhean, Delia; a mhac Breandán agus a ghrá geal, Anni, agus Briain Ó Donnabháin, deartháir Bharra.

Briain, Delia, Breandán & Anni


     

   
Mícheál de Mórdha          Tar éis cúpla focal ó Mhicheál de Mórdha, Bainisteoir, Ionad an Bhlascaoid, chuir sé Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Oireachtais, in aithne againn.  Fear cairdiúil é an tUachtarán a dúirt go raibh sé ag dul tríd an leabhar go mbeadh sé in ann cúpla focal a rá faoi agus roimh i bhfad bhí an leabhar léite aige.  Bhí sé chomh suimiúil bríomhar sin.   D’ardaigh sé sin ár gcroí.  Ansin bleaist cheoil ó Mhaidhc Dainín Ó Sé in ómós dá chara, Barra.  Síniú na leabhair a bhíomar ar feadh tamaill in a dhiaidh sin ag bualadh le muintir is cairde Bharra.  Ana-ócáid a bhí ann.     

Donnchadh Ó hAodaMaidhc Dainín Ó Sé

 Eibhlín ZurellHilary Mhic Suibhne      
    

        Nuair a bhí ár gcuid oibre déanta againn ní raibh orainn ach súp a bhaint as imeachtaí an Oireachtais.  Gach saghas chomórtais a bhí ann, amhránaíocht – nua chuma agus sean nós; rince ar an sean nós, dreas cainte, agallaimh beirte, lúibíní.    

Ailbhe, Hilary, Úna, Liam & Eibhlín

Michelle & Cormac        
        Bhí seans againn bualadh le Michelle Duffy faoi deireadh.  Beidh sí agus seanchara eile dúinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, ag pósadh i gceann míosa.  Sliocht sleachta ar shliocht bhur sleachta, a chairde.


Caitlín Ní Chualáin

        Bhain Liam Mac Giodaire taitneamh mór as amhránaíocht ar an sean nós go hairithe nuair a fuair ár gcara, Caitlín Ní Chualáin, an chéad duais, sa chomórtas amhránaíocht ar an sean nós de mhná, Corn Phádraig Mhic an Rí.  Bean ár seancharad, Greg Ó Braonáin, í Caitlín agus bhí an bheirt acu in Esopus ag Ceardlann na Múinteoirí cúpla bliain ó shin. 

Siúan agus Antain        Teacht le cheile iarmhúinteoirí Dhaltaí a bhí ann a cheapfá – Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh, Ray Mac Mánais, Caitlín Ní Chualáin Bn. Uí Bhraonáin, Liam Ó Cuinneagáin, Éamonn Ó Dónaill, Aoife Ní Chonchúir agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. 



Ray Mac MánuisSóisear agus Caitlín

Seán Ó Sé agus Hilary Mhic Suibhne        

        Gach oíche ligeamar ár scíth ag Club na Féile.  Bhuel i ndáiríre ní bhíonn scíth ar bith ar fáil ann ach craic agus rince síoraí.   Seisiúin cheoil le Clann Uí Mhaonaigh - Mairéad, Gearóid, Anna & Ciarán agus ansin choimeád Páidí Ó Sé an dream ag rince lena chuid cheoil go breacadh an lae.  Is trua nach raibh moltóirí na damhsaíochta ann fós  – bhíomar chomh maith sin. 

       Bhíomar inár naoimh athbheirthe an lá deireanach nuair a d’fhreastalaíomar ar Aifreann an Oireachtais i Séipéal Pádraig Naofa Bhaile an Róistigh is chualamar ceol beannaithe Chóir Chúil Aodha faoi stiúir Peadar Ó Riada agus Iarla Ó Lionáird agus Seán Ó Sé páirteach. Go hálainn. 

 Úna Cormac Eibhlín Sóisear - Liam Hilary Liam

    
        Cuairt reatha a bhí ann agus rinneamar ar ndícheall gach píosa spraoi ag baint as.  D’éiríomar.  

Eibhl;iacute;n Briain Hilary






©Daltaí na Gaeilge